http://www.milonic.com/ test
 
 

The Irish in Britain, including those of Irish descent, make up a significant part of the UK population. Here, you will find news, entertainment, events, sports and features from the local Irish Post newspaper.

 
 
 
 

Siúlach Scéalach le Sharon Ní Chonchúir

Tá Féile Rós Thráighlí ar siúl faoi láthair. Roimhe seo, cheapas gur ábhar magaidh a bhi ins an bhféile seo leithscéal cailíní álainne a chur ar an dteilifís agus stánadh orthu gan náire.

Ach tar éis dom bualadh le Rós 2005 Aoibhinn Ni Shúilleabháin agus Rós Chiarraí na bliana seo, Colleen Shannon, tá athrú tagtha ar m'aigne. Anois ceapaim gur iontach agus spéisiúil an féile í Féile Ros Thráighlí.

Conas ar thárla an t-athrú croí seo? Bhuel, sí Aoibhínn Ni Shúilleabháin a chur tús leis. Cailín álainn is ea í gan dabht ar bith ach is cailín eirimiúil, nádúrtha í freisin.

Bhain sí súp as a bhliain mar Rós Thráighlí. "Bliain iontach a bhi ann," adeir sí. "Thárla rud éigin deifriúil, nua nó suntasach gach aon lá. Cuimhneoidh mé ar an bhliain seo go deo na ndeor."

Thóg sí bliain saor chun tairbhe iomlán a bhaint as. "Bhí an t-ádh liom mar bhí mé díreach tar éis mo chéim eolaíochta a bhaint amach agus bhí mé in ann bliain saor a thógaint," arsa Aoibhínn. "De ghnáth, ní bhíonn an rogha sin ag Rósanna. Bionn orthu leanúint ar aghaidh ag obair."

Siad na rudaí a rinne sí i rith na bliana is cúis le m'athrú aigne. Ar dtúis, chur sí aithne ar an naonúr agus fiche Rós eile. "Cailíní gleoite is ea gach aon duine acu," adeir sí. "Beidh siad mar cáirde buan agam as seo amach."

Is maith an rud é cáirde a dhéanamh, go mórmhór cáirde a bheidh buan seasmhach go deo. Ach ní hé seo is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Ní hé seo is cúis le m'athrú meoin.

Gach bliain, tugtar ¤25,000 do Rós Thráighlí agus baineann sí úsáid as chun taisteal mórthímpeall an domhain. Sin a rinne Aoibhínn. Siad na ceachtanna a d'fhoghlaim sí mar thoradh ar an dtaisteal seo an rud is suntasaí mar gheall ar a bhliain mar Rós, dar liom.

"Chicago, Darwin, LA, an Ind, Dubai, Dún Éideann, Brisbane, Cheltenham... is liosta fada é liosta na h-áiteanna ar thug mé turas orthu," arsa Aoibhínn. "Bhi mé ag taisteal ar feadh ceithre mhí agus casadh daoine iontacha orm."

Thug sí cuairt ar ana chuid pobail Éireannacha thar lear — ins an Bhreatain, i Meiriceá, ins an Astráil agus ar fuaid na hEorapa. "Chuir an méid a bhi ar siúl ins na pobail seo iontas agus áthas orm" adeir sí. "Ní raibh a fhios agam go raibh Éireannaigh thar lear chomh fuinniúil agus chomh gnóthach is atá."

Tar éis di turas a thabhairt ar na pobail seo, creideann sí go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le Féile Rós Thráighlí. "Is nasc í an féile idir na pobail seo go léir," arsa Aoibhínn. "Is siombal í an féile — siombal ana thábhachtach d'Éireannaigh atá ina gcónaí i bhfad i gcéin. Ni thuigeann mórán Éireannaigh (iadsan atá ina gconaí ag abaile) é seo."

Cinnte, níor thuig mise é. Ach anois go bhfuil sé ar eolas agam, ceapaim gur luachmhar an féile í Féile an Rós agus go mba chóir gach iarracht a dhéanamh í a chaomhnú amach anseo.

Tá deireadh tagtha le bliain Aoibhinn anois agus tá coróin an Róis á chaitheamh ag cailin eile. (Bhi orm é seo a scriobh roimh toradh an fhéile).

Níl a fhios agam cé a bhuadhfaidh mar sin, tá mé dóchasach go mbuafaidh Rós Chiarraí — Colleen Shannon. Casadh Colleen orm seachtain ó shin agus caithfidh mé a rá gur bhain mé taithneamh as bualadh leí.

Is as Cill Áirne do Colleen agus tá sí ag staidéar i dTráighlí. Nuair a bhí mé ag caint leí, níor chreid sí fós gur roghnaíodh í mar Rós Chiarraí.

"Is cuimhin liom bheith ag faire ar na Rósanna ar an dteilifís agus mé i mo leanbh óg," arsa Colleen. "Ní chreidim go mbeidh mise ina n-áit sara fada. Caithfidh gur brionglóid é."

Nuair a labhair mé leí, bhí Colleen ag súil go mór leis an bhféile. "Táim chun taithneamh a bhaint as gach aon neomad," adeir sí. "Táim ag súil le bualadh le na cailíní eile. Teastaíonn uaim amhrán a chanadh ar an dteilifís. Tá gúna aoibhinn agam agus beidh mé chomh sásta é a chaitheamh ar stáitse. Siad na rudaí beaga is mó a bhainfidh mé taithneamh astu is dóigh liom."

Tá súil agam gur éirigh thar barr le Colleen agus gur bhain si a oiread sult as an bhféile agus ab fhéidir leí.

Agus, pé hí an chailín a roghnaíodh mar Rós na bliana seo, guím bliain eisceachtúil, spéisiúil, ceolmhar uirthi.

Nach iontach an féile í féile an Rós?

 
 
 
 
 
 
 © IrishAbroad.com 2008
About Us | Site Map | Terms of Service | Privacy Policy | Membership Terms
Contact Us | FAQs | Advertising | Add To My Site | Don't forget to bookmark us! (CTRL-D)